Beschrijving
Tá an-áthas orainn fáilte a chur roimh triúr ball foirne ón Aonad Forbartha Gaeilge i gComhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath sa chlár seo de What’s the Story, Dublin?
Tá comhrá idir an tOifigeach Forbartha Gaeilge agus beirt intéirneach ó scoil Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath atá ag obair léi sa Chomhairle. Pléann siad a gcaidreamh leis an nGaeilge, a gcúlraí oibre agus ollscoile agus an obair a dhéantar san Aonad Forbartha Gaeilge.
Rinneadh taifeadadh ar an bpodchraoladh seo ar an 18 Samhain 2025. Rinne John Stone na grafaicí. Ceol: ‘The Right Direction’ de chuid Shane Ivers…
Website: podcasters.spotify.com

