ClubLeabhar.com - Irish Language Book Club
by ClubLeabhar.com
Sí – Leabhar mhí na Samhna 2026 | November's Book of the Month 2026
About this podcast
[English version below]
Is tionscadal de chuid Gaelchultúr Teoranta (www.gaelchultur.com) é ClubLeabhar.com. Bunaíodh an comhlacht Gaelchultúr sa bhliain 2004 agus é mar sprioc aige an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach, idir cheol, amhránaíocht agus damhsa, a chur chun cinn i mBaile Átha Cliath agus ar fud na tíre.
Tá sé mar aidhm ag ClubLeabhar.com daoine in Éirinn agus i dtíortha eile ar fud an domhain a spreagadh chun leabhair Ghaeilge a léamh. Is féidir le daoine aonair ballraíocht a bhaint amach sa chlub leabhar seo ar líne ach tá sé mar aidhm againn chomh maith na baill a spreagadh le teacht le chéile uair sa mhí in ionaid éagsúla ar fud na hÉireann agus thar lear chun an saothar a bheidh mar leabhar na míosa a phlé.
Ní thógann sé ach nóiméad clárú don chlub agus níl aon táille i gceist.
Roghnaítear leabhar nua gach mí agus bíonn deis ag na baill plé a dhéanamh ar an saothar i bhfóram an tsuímh. Bíonn fáil ag na baill ar aistriúcháin Bhéarla ar na focail agus frásaí is deacra sna leabhair a bhíonn á bplé, rud a éascaíonn an léitheoireacht go mór.
Tá sé mar pholasaí againn leabhair atá róchasta agus acadúil a sheachaint. Tugtar tús áite d’úrscéalta agus do chnuasaigh gearrscéalta, ach bíonn seánraí eile (filíocht agus leabhair thaistil, cuir i gcás) i gceist ó am go chéile chomh maith. Bíonn meascán ann de leabhair nua-fhoilsithe agus clasaicigh atá fós i gcló.
Más mian leat go mbeadh leabhar Gaeilge a thaitníonn go mór leatsa mar leabhar na míosa ar an suíomh seo, bí i dteagmháil linn!
Tá liosta le fáil ar Clubleabhar.com de na clubanna leabhar Gaeilge atá ag feidhmiú in Éirinn cheana féin agus tá Gaelchultúr ag súil go spreagfaidh an tionscadal seo ar líne daoine le clubanna nua a thosú, ní hamháin in Éirinn ach i dtíortha eile mar na Stáit Aontaithe agus an Astráil ina bhfuil lucht na Gaeilge gníomhach cheana féin. Tá comhairle agus tacaíocht ar fáil sa rannóg Bunaigh Club dóibh siúd a bhfuil spéis acu a gclub leabhar féin a bhunú.
Is féidir na leabhair a bhíonn á bplé ar ClubLeabhar.com a cheannach ar siopa.ie. Ar an suíomh sin, tá deis agat leabhar amháin a cheannach nó beart de na leabhair ar fad a bhíonn á bplé i ngach sraith.
Tá maoiniú á chur ar fáil do Clubleabhar.com ag Clár na Leabhar Gaeilge (Foras na Gaeilge).
[Leagan Gaeilge thuas]
The ClubLeabhar.com project is run by Gaelchultúr Teoranta (www.gaelchultur.com). The company was established in 2004 with the aim of promoting the Irish language and various aspects of Irish culture, including music, song and dance, in Dublin and around the country.
ClubLeabhar.com aims to encourage people in Ireland and abroad to read Irish language books. Individuals can become members of this online book club but we also want to encourage the members to meet once a month in various locations around Ireland to discuss the work that will be the book of the month. There is no membership fee.
It only takes a minute to register for the club and there’s no membership fee.
A new book is chosen each month and club members have an opportunity to discuss this book in the website’s forum. Members have access to English translations of the most difficult words and phrases in the books being discussed, which makes reading them a lot easier.
It’s our policy to avoid books that are too difficult or academic. The focus is on novels and short-story collections for the most part, but books from other genres (poetry and travel books, for example) are discussed from time to time. There is a mix of newly-published books and classics that are still in print.
If you would like a book in Irish that you’ve enjoyed to be book of the month on this site, please contact us!
There is a list available on Clubleabhar.com of the Irish language book clubs already functioning in Ireland and Gaelchultúr hopes that this online project will encourage people to start new clubs, not only in Ireland but in countries such as the United States and Australia where Irish speakers are actively involved in…
Episodes
The newest 20 of 151 episodes
- Sí – Leabhar mhí na Samhna 2026 | November's Book of the Month 2026 · 32 min[English version below] Is éanacha scoite iad Hannah agus a haintín Brídín a bhfuil cónaí orthu i gceantar tuaithe ar imeall an Atlantaigh, agus tá rúndiamhair dhorcha acu nach…
- Tóraíocht an Duine ar Bhrí – Leabhar mhí Dheireadh Fómhair 2026 | October's Book of the Month 2026 · 19 min[English version below] Céadfhoilsíodh é an bhliain 1946, agus ón am sin i leith tá breis is 16 milliún cóip de díolta. Tá na glúnta léitheoirí i ndiaidh a bheith gafa go…
- Heartstopper 3 – Leabhar mhí Mheán Fómhair 2026 | September's Book of the Month 2026 · 25 min[English version below] Níor cheap Charlie riamh go mbeadh mothúcháin ag Nick dósan freisin, ach anois tá siad ag siúl amach le chéile. Agus d’inis Nick dá mham é! Ach ní rud é…
- An Cleasaí Dubh - Leabhar mhí an Mheithimh 2026 | May's Book of the Month 2026 · 26 min[English version below] Maireann scéalta Bhríain Mhic a’ Bhaird i saol atá idir an coitianta agus an corr – saol ina mbuaileann draíocht na samhlaíochta le gnáthshaol na…
- An Saol Sona - Leabhar mhí na Bealtaine 2026 | May's Book of the Month 2026 · 31 min[English version below] Colscartha óna bhean, caidreamh ar éigean aige lena mhac, ní thuigeann Éric cén chaoi a ndeachaigh a shaol amú air oiread. Léas solais atá i ndeis nua…
- Glórtha an Tráthnóna - Leabhar mhí Aibreáin 2026 | April's Book of the Month 2026 · 22 min[English version below] Faoi ainm cleite a foilsíodh an chéad úrscéal a scríobh Natalia Ginzburg i 1942, ach fán bhliain 1947 bhí sí saor le scríobh faoina hainm féin. Tháinig…
- Na Bróga Peile agus Scéalta Eile - Leabhar mhí an Mhárta 2026 | March's Book of the Month 2026 · 21 min[English version below] Póg neamhcheadaithe; déantúsán luachmhar a aimsíonn déagóir sa Bhoireann; ciceanna pionóis le glacadh; duine óg ag glacadh páirt sa chlár teilifíse Cé Ar…
- Bódléar - Leabhar mhí Feabhra 2026 | February's Book of the Month 2026 · 19 min[English version below] I mbaile beag ar an gcósta thiar, gach samhradh, cumann an máistir scoile dán ar son mhuintir an bhaile agus tugann leis ó dheas chuig Cúirt Mhór na…
- Eachtraí Sherlock Holmes - Leabhar mhí Eanáir 2026 | January's Book of the Month 2026 · 17 min[English version below] Eagrán nuachóirithe le hÉamonn Ó Dónaill Cnuasach sárscéalta bleachtaireachta … mar ar tháinig an carachtar ficseanúil is fearr de chuid an Albanaigh de…
- Scéalta Nollag - Leabhar mhí na Nollag 2025 | December's Book of the Month 2025 · 21 min[English version below] - Gearrliosta 'Leabhar Ficsin Gaeilge na Bliana' ag Gradaim An Post 2025 Foilsíodh leaganacha d’fhormhór na scéalta seo i gcolún an údair ‘Crobhingne’…
- Dúnmharú i bPáirc an Chrócaigh - Leabhar mhí na Samhna 2025 | November's Book of the Month 2025 · 23 min[English version below] ‘Dúnmharú! Piléar tríd an gcluas! Ar an dé deiridh atá sé! Tagann deireadh tobann leis an gCluiche Ceannais i bPáirc an Chrócaigh nuair a dhúnmharaítear…
- An Bhlaosc sa mBois - Leabhar mhí Dheireadh Fómhair 2025 | October's Book of the Month · 24 min[English version below] Tá go leor cainte déanta le blianta beaga anuas faoi scannal na n-áras máithreacha agus leanaí, agus is anois atá scribhneoirí agus ealaíontóirí eile…
- Heartstopper - Leabhar mhí Mheán Fómhair 2025 | September's Book of the Month 2025 · 23 min[English version below] Tá a fhios ag Nick go bhfuil Charlie aerach, agus creideann Charlie nach bhfuil Nick! Ach, is scéal casta é an grá agus tá Nick ag foghlaim go leor rudaí…
- Fiche - Leabhar mhí an Mheithimh 2025 | June's Book of the Month 2025. · 28 min[English version below] Samhradh na bliana 1969, tugtar triúr ógánach le chéile ar thránna iarthar Chorcaí, triúr a n-athraítear a saol ó bhonn nuair a thagann an…
- Cuimhní Poircealláin - Leabhar mhí na Bealtaine 2025 | May's Book of the Month 2025. · 21 min[English version below] Sobhristeacht na beatha; síorghrá an tuismitheora don pháiste; daoine óga ag teacht in aois; cinntí déanta i bhfaiteadh na súl a fhágann a rian go deo…
- Óró - Leabhar mhí Aibreáin 2025 | April's Book of the Month 2025 · 24 min[English version below] San eachtra scleondrach chorraitheach seo, éalaíonn ógánach ar bord loinge agus téann thar farraige siar sa tóir ar ór El Dorado. Arís eile, cruthaíonn…
- Súile Éisc agus Scéalta Eile - Leabhar mhí an Mhárta 2025 | March's Book of the Month 2025 · 22 min[English version below] Seo an chéad leabhar gearrscéalta ó pheann Mhichelle Nic Pháidín. Tugtar ar iliomad turas intinne muid sa chnuasach seo: chuig saol na samhlaíochta i…
- Caithréim agus Tóir - Leabhar mhí Feabhra 2025 | February's Book of the Month 2025 · 16 min[English version below] Caithréim agus Tóir – Cnuasach filíochta le hEithne Ní Ghallchobhair. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Ailbe van der Heide agus Aedín Ní Thiarnaigh…
- Tír Bheag - Leabhar mhí Eanáir 2025 | January's Book of the Month 2025 · 22 min[English version below] Agus é ag fás aníos sa Bhurúin in 1992, tá Gabriel óg beag beann ar an teannas polaitiúil ina thimpeall. Caitheann sé féin agus a chairde a gcuid…
- An Grá agus an Ghruaim - Leabhar mhí na Nollag 2024 | December's Book of the Month 2024 · 31 min[English version below] Eagrán úr de chnuasach cháiliúil Sheosamh Mhic Grianna, bunaithe ar an chéad eagrán a cuireadh i gcló i 1929. Ba é An Grá agus an Ghruaim an dara…



