Skip to content
Global sound
Dúchas

Dúchas

by Cúán de Búrca ⁊ Cían Mac Coisteala

Latest episode
‘An Chónra a Dhiúltaigh a Bheith Curtha’

About this podcast

‘Dúchas’: Podchraoladh faoinár mbéaloideas, ár miotaiseolaíocht, ár bpisreoga agus ár ndúchas. Buail isteach ag teach an dúchais d’oíche scéalaíochta cois teallaigh i dteannta Chían Mhic Choisteala ⁊ Chúáin de Búrca. Sa tsraith éadrom spraíúil seo, foghlaimeoimid faoi na creidimh agus na scéalta atá i gcroílár ár bhféiniúlachta mar Ghaeil. Fill ar do dhúchas!

Episodes

  • ‘An Chónra a Dhiúltaigh a Bheith Curtha’ · 25 minCuirimid tús le sraith a dó de ‘Dúchas’ le splanceagrán taibhsiúil a chuirfidh cáithníní ar do chraiceann! Buailtear le capall a bhfuil bua na cainte aici, bean a labhraíonn in…
  • Beo ón bPicnic Leictreach · 47 minTá siad ar ais! San eagrán féiltiúil féastach seo — taifeadta go beo sa Phuball Gaeilge ag an bPicnic Leictreach — insíonn na leaids scéalta taibhsí faoi mhuintir Cosby agus an…
  • Beo ó Nás na Ríogh · 49 minThriail na buachaillí báire chomh fada le Nás na Ríogh ar na mallaibh chun eagrán Dúchas a thaifead go beo ós comhair a lucht leanúna dhílis. Phléigh siad Bríd, banéarlamh…
  • Na Normannaigh · 48 minCaisleáin, cathanna agus coiníní: is iomaí lorg a d'fhág na Normannaigh ar fhód Bhanba, ach cérbh iad na heachtránaithe caithréimeacha seo an chéad lá ariamh? Pléann na…
  • Samhain · 52 minCé acu is measa, an diabhal nó goth baddie stuacach? An tairseach ifrinn atá sa Workman's Club nó Uaimh na gCat taobh le Ráth Cruachan? San eagrán speisialta seo pléann na…
  • An Conriocht · 40 minCéard is conriocht ann agus céard a tharla do na mic tíre a chónaigh fud fad na tíre fadó? San eagrán seo, pléann na buachaillí stair an mhic tíre in Éirinn, finscéal na…
  • Sean-Nós · 43 minAmhránaíocht ar an sean-nós, cumhacht mhistiúil na filí, ceol draíochta is mallachtaí, ní féidir a shéanadh go bhfuil ról lárnach ag an bhfocal canta inár bhféiniúlacht mar…
  • An Chailleach · 40 minCé hí an 'Cailleach'? Bean olc dhraíochtúil le scuab, coirce is cat dubh nó bandia ársa a tharraingíonn brat an gheimhridh thar fhód na hÉireann is na hAlban? San eagrán seo…
  • Naomh Pádraig · 51 minClog Phádraig, purgatóir Phádraig, ollphéisteanna agus ól - san eagrán seo, luann na buachaillí na sonraí faoin mboc mór b'fhéidir nár chuala tú trácht orthu go dtí seo! Lá 'le…
  • Poitín · 36 minIs meisciúil an deoch é agus tuigimid uile go bhfuil sé deas le n-ól, ach cén cúlra atá ag an deoch sheoigh seo? Fiosraíonn na leaids stair an phoitín, conas a dhéanfá bairille…
  • Dlíthe na mBreithiúna · 47 minSan eagrán seo, tosaíonn na stócaigh a gcuid fiosrúchán ar Dlíthe na mBreithiúna, an tábhacht a bhain le beacha fadó, lá le Gobnait, agus an dóigh is fearr do sheachtain a…
  • Lí Ban · 31 minIn eagrán a cúig déanann na buachaillí plé ar scéal Lí Ban, maighdeán mhara naofa a luaitear in annálacha na hÉireann. Tugann an scéal ar chamchuairt iad a chuimsíonn an réiteach…
  • An Bás · 51 minSan eagrán seo, déanann Cían agus Cúán roinnt plé ar chúrsaí báis na tíre fadó, an tslí a dtugtaí aghaidh ar an mbás tráth, comharthaí báis, nósanna tórraimh agus an chaoi a…
  • Cóisírí Gnéis Leispiach Vaimpiríeach · 37 minSan eagrán seo, pléann na buachaillí finscéal ‘Abhartach’, vaimpír ó mhioteolas na hÉireann, tábhacht taighde a dhéanamh, litríocht ghotach na tíre agus cóisírí gnéis leispiach…
  • Hy-Brasil · 41 minSan eagrán seo, suíonn na leaids síos le Seosamh Mac Seoin chun oileán mistéireach taibhsiúil darbh ainm 'Hy-Brasil' a phlé. In ainneoin na gcéadta turas taiscéalaíochta gan rath…
  • An Bhean Sí · 41 minSa chéad eagrán de ‘Dúchas’, pléann na leaids an Bhean Sí, an lúcháir a bhaineann le bó a dhíoladh ag an aonach, agus an fáth nach ceart bleid a bhualadh ar chailíní i láthair…

Live, last hour: 14,806 songs on 6,065 stations in 128 countries

Discover the world through radio

More ways to discover (9)

Heard something good? Save it, or open it straight away in Spotify.

Radio 538 luisteren - Live!Popular right now