Note dell’episodio
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an ceathrú lá déág de mhí na Samhna. Is mise Sibéal Dempsey.
In Éirinn, cuireadh pleananna le haghaidh stailc san earnáil phoiblí ar fionraí an tseachtain seo tar éis do cheardchumainn teacht ar chomhaontú maidir le dréacht-shocrú pá nua leis an rialtas. Faoin socrú seo, gheobhaidh beagnach leathmhilliún oibrí méaduithe pá de bhreis agus deich faoin gcéad faoi mhí an Mhárta sa bhliain dhá mhíle fiche a naoi. Mar sin féin, beidh an méadú seo níos ísle ná an ráta boilscithe; gheobhaidh oibrithe méadú dhá faoin gcéad don bhliain…
Sito web: podcasters.spotify.com

